17 An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé d'aon spiorad leis.
18 Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise.
19 Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh
20 mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.