2 An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach?
3 Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta?
4 Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu?
5 Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d'fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre,
6 ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?
7 Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall?
8 Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn sibh féin ag déanamh na héagóra agus an fhill agus is ar bhur mbráithre féin é chomh maith.