8 Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn sibh féin ag déanamh na héagóra agus an fhill agus is ar bhur mbráithre féin é chomh maith.
9 An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh
10 ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.
11 Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.
12 “Tá gach ní ceadaithe dom” - ach ní hé gach ní a théann chun sochair. “Tá gach ní ceadaithe dom” - ach ní mise a bheidh faoi smacht ag aon rud.
13 “Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile” - ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann.
14 Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith.