16 Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú d'fhear céile? Agus cá bhfios duitse, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean?
17 Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.
18 Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeallghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é.
19 Is cuma an timpeallghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád.
20 Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air.
21 An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit - ach más féidir duit dul saor, b'fhearr duit an deis a ghlacadh.
22 An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.