21 An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit - ach más féidir duit dul saor, b'fhearr duit an deis a ghlacadh.
22 An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.
23 Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine.
24 Dá réir sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé mar a bhí sé nuair a fuair sé an glao.
25 Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.
26 Is é is dóigh liomsa, mar gheall ar strus na huaire, go mb'fhearr do dhuine fanacht mar atá sé.
27 Má tá tú ceangailte le bean, ná bí ag lorg do scaoilte; má tá tú scaoilte ó bhean, ná bí ag iarraidh bean a phósadh.