3 Tugadh an fear a cearta pósta dá bhean agus tugadh an bhean mar an gcéanna a chearta dá fear.
4 Mar ní ag an mbean atá ceannas ar a corp féin ach ag a fear; agus an fear mar an gcéanna, ní aige atá ceannas ar a chorp ach ag an mbean.
5 Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.
6 Is mar chomhairle a deirim an méid sin, áfach, agus ní mar ordú.
7 Ba mhaith liom gach duine a bheith ar mo nós féin, ach bíonn a thabhartas féin ó Dhia ag cách, duine mar seo agus duine eile mar siúd.
8 Is é a deirim leis na daoine single agus leis na baintreacha go mb'fhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin.
9 Ach mura mbíonn guaim acu orthu féin pósaidís, mar is fearr pósadh ná loscadh.