7 Ba mhaith liom gach duine a bheith ar mo nós féin, ach bíonn a thabhartas féin ó Dhia ag cách, duine mar seo agus duine eile mar siúd.
8 Is é a deirim leis na daoine single agus leis na baintreacha go mb'fhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin.
9 Ach mura mbíonn guaim acu orthu féin pósaidís, mar is fearr pósadh ná loscadh.
10 Tá an foláireamh seo le tabhairt agam, áfach, dóibh seo atá pósta, agus ní uaim féin é ach ón Tiarna: ná tréigeadh bean a fear céile -
11 ach má thréigeann fanadh sí gan pósadh nó déanadh sí mór arís leis - agus ná scaoileadh fear a bhean chéile uaidh.
12 Deirim an méid seo leis an gcuid eile - is uaim féin é agus ní ón Tiarna - an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.
13 Agus an bhean a bhfuil díchreidmheach fir aici agus é sásta cónaí léi, ná scaoileadh sí uaithi é.