1 Nach saorfhear mise chomh maith le cách? Nach aspal mé? Nach bhfuil Íosa ár dTiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna?
2 Fiú mura bhfuil meas aspail ag daoine eile orm, is dearbh gurb aspal daoibhse mé mar gur sibhse an séala ar mo mhisean sa Tiarna.
3 Seo é mo fhreagra orthu siúd a bhíonn ag beachtaíocht orm:
4 Nach bhfuil ceart ite agus óil againn?
5 Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?
6 An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas?
7 Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n‑itheann cuid dá thoradh? Nó cén t‑aoire a dhéanann aoireacht ach nach n‑ólann bainne a thréada féin?