10 An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, á thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil.
11 Má chuireamarna síol spioradálta daoibhse, an mór an ní é má bhainimid toradh saolta uaibh?
12 Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sort ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost.
13 Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?
14 Ar an gcuma chéanna d'achtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal.
15 Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n‑éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B'fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m'ábhar maíte.
16 Ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.