4 Nach bhfuil ceart ite agus óil againn?
5 Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?
6 An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas?
7 Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n‑itheann cuid dá thoradh? Nó cén t‑aoire a dhéanann aoireacht ach nach n‑ólann bainne a thréada féin?
8 Agus an i dtaobh le hargóintí ón ngnáthshaol atáim, nó nach bhfuil an rud céanna le rá ag an dlí?
9 Sea, tá scríofa i ndlí Mhaois: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.”
10 An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, á thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil.