1 Peadar 1 ABN

1 Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa

2 de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.

Dóchas agus Slánú

3 Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D'athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne

4 agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis.

5 Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.

6 Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál,

7 d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.

8 Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,

9 agus slánú bhur n‑anam á ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh.

10 Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú.

11 Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí á thaispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í.

12 Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.

Dea-Bheatha ar son Dé

13 Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.

14 Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,

15 ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n‑iompar go léir,

16 mar tá scríofa: “Bígí naofa mar go bhfuilimse naofa.”

17 Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.

18 Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n‑iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n‑aithreacha,

19 ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.

20 Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa

21 a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.

22 Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.

23 Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.

24 “Mar tá an uile fheoil mar an bhféar,agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;

25 Ach maireann briathar an Tiarna go deo.”Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.

Caibidlí

1 2 3 4 5