1 Mar an gcéanna libhse, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban,
2 nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n‑iompar urramach geanmnaí.
3 Nárab í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram,
4 ach an duine folaithe sa chroí istigh le seoid dhothruaillithe na meanman cneasta caoine, rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé.
5 Na mná naofa fadó, iadsan a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear.
6 Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal d'Abrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.
7 Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.
8 Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.
9 Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.
10 “An té ar mian leis an bheatha a shantúagus fad saoil faoi shéan a bheith aige,coinníodh sé a theanga ón olc,agus a bhéal ó bhriathra éithigh.
11 Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith;lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.
12 Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin,agus tugann sé cluas dá n‑impí.Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”
13 Agus cé a dhéanfaidh díobháil daoibh má tá cíocras oraibh chun na maitheasa?
14 Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu.
15 Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,
16 agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.
17 Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?
18 Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad
19 agus sa riocht sin chuaigh sé agus sheanmóir sé do na spioraid a bhí i gcarcair,
20 iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin.
21 An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.
22 Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.