1 Peadar 5 ABN

Treoracha

1 Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.

2 Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,

3 ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad.

4 Ansin nuair a fhoilseofar an tArdaoire tabharfar daoibh coróin mharthanach na glóire.

5 Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”

6 Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n‑ardódh sé sibh i dtráth.

7 Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.

8 Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.

9 Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt.

10 Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.

11 Glóir agus réimeas dó le saol na saol. Amen.

12 Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.

13 Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.

14 Beannaígí dá chéile le póg an ghrá. Síocháin daoibh uile atá i gCríost.

Caibidlí

1 2 3 4 5