20 Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n‑iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.
21 Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.
22 Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal.
23 Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.
24 D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.
25 Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n‑anama.