8 agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.
9 Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
10 Níor phobal sibh tráth, ach anois is pobal Dé sibh; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh.
11 A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.
12 Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.
13 Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta,
14 más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh.