6 Uime sin is ea a fógraíodh an dea-scéal do na mairbh, ionas go dtabharfaí breith orthu sa cholainn mar dhaoine, ach go mairfidís sa spiorad de réir Dé.
7 Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.
8 Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.
9 Cuirigí fáilte gan doicheall roimh a chéile.
10 Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé.
11 Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.
12 A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.