25 Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen.
26 Sin é an fáth ar thug Dia suas do phaisin mhínáireacha iad; mhalartaigh a gcuid ban an taithí nádúrtha ar thaithí mhínádúrtha;
27 agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitímh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin.
28 Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;
29 bíonn siad líonta den uile shórt urchóide agus mallaitheachta agus sainte agus mailíse; agus bíonn siad lán den fhormad, den dúnmharú, den achrann, den chealg agus den mhioscais; bíonn siad cúlchainteach,
30 béadánach agus bíonn fuath acu do Dhia; bíonn siad uaibhreach, sotalach, maíteach, drochbheartach agus easumhal do thuismitheoirí;
31 bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua.