Rómhánaigh 7 ABN

Tá an Fíréan réidh leis an Dlí

1 Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre - ag caint atáim le daoine atá eolach ar chúrsaí dlí - nach mbíonn duine faoi smacht an dlí ach fad is beo dó.

2 An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir.

3 Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.

4 Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.

5 Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn á gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás.

6 Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa.

An Dlí agus an Peaca

7 Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí “ná santaigh”.

8 Ach rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne sin d'oibrigh gach cineál saint ionam; mar in éagmais an dlí bíonn an peaca gan bhrí.

9 Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca

10 agus fuair mise bás. An aithne úd a ceapadh le bheith ina cúis bheatha dom is ina cúis bháis a bhí sí,

11 mar gur rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne mheall agus mharaigh sé mé tríthi.

12 Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith.

13 An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n‑éireodh an peaca peacúil thar na bearta.

An Choimhlint Chráite

14 Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táimse collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca.

15 Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam.

16 Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta.

17 Go deimhin féin ní mise a chuireann an beart i gcrích feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam.

18 Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.

19 An mhaith is áil liom ní dhéanaim í, ach an t‑olc nach áil liom is é a dhéanaim.

20 Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim ní mise a chuireann i gcrích é feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam.

21 Aithním mar sin an prionsabal seo a bheith ann: nuair is áil liom an mhaith a dhéanamh is é an t‑olc a bhíonn i mo ghaobhar.

22 Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh

23 ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i m'aigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill.

24 Ó nach mise an díol trua! Cé a fhuasclóidh ón trú seo coirp mé?

25 A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le m'aigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16