Rómhánaigh 10 ABN

Níor Thuig na Giúdaigh Fíréantacht Dé

1 Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad.

2 Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.

3 Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.

4 Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.

D'fhógair Maois é seo Fadó

5 Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a choimhlíonann í, mairfidh sé inti.”

6 Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas);

7 nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh).

8 Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).

9 Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú.

10 Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.

11 Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.”

12 Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t‑aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air,

13 “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”

Níl aon Leithscéal ag Iosrael

14 Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh?

15 Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”

16 Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?”

17 Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin.

18 Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”

19 Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois:“Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobalagus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.”

20 Agus téann Íseáia chomh fada lena rá:“An mhuintir nach raibh do mo lorg,is iad a fuair mé.Agus an mhuintir nach raibh do m'fhiafraí,is dóibh a d'fhoilsigh mé mé féin.”

21 Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16