Rómhánaigh 16 ABN

Beannachtaí Éagsúla

1 Fágaim cúram ár siúrach Féibé oraibh. Feidhmeannach san eaglais i gCeinchré is ea í.

2 Fáiltígí roimpi ar son an Tiarna mar is dual do na naoimh agus cuidigí léi in aon ní a mbeidh gá aici libh: mar is iomaí duine ar sheas sí leis agus liom féin chomh maith.

3 Beannaígí do mo chomhoibrithe in Íosa Críost, do Phriosca agus d'Acula,

4 a chuir a gceann i mbaol ar son m'anamasa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith.

5 Beannaígí freisin don eaglais ina dteachsan. Beannaígí do mo chara ionúin, Eapaenatas, an chéad duine san Áise a ghabh le Críost.

6 Beannaígí do Mháire, bean a shaothraigh go dian in bhur measc.

7 Beannaígí d'Andronacas agus do Iúinias, comhthírigh agus comhchimí liom féin, a bhfuil iomrá orthu i measc na n‑aspal agus a bhí i gCríost romhamsa.

8 Beannaígí d'Aimpliatas, mo chara ionúin sa Tiarna.

9 Beannaígí d'Urbán ár gcomhoibrí i seirbhís Chríost, agus do mo chara ionúin Stáchas.

10 Beannaígí don Chríostaí tofa úd, Apallaes, agus do theaghlach Airiostobúlas.

11 Beannaígí do mo chomhthíreach, Héaróidión, agus dá bhfuil de Chríostaithe i dteaghlach Nairciseas.

12 Beannaígí do Thrufaena agus do Thrufósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna.

13 Beannaígí do Rúfas atá tofa sa Tiarna, agus dá mháthair, bean ar máthair domsa leis í.

14 Beannaígí d'Aisincriteam, d'Fhleagón, do Heirméas, do Phatrobás, do Hearmás, agus do na bhráithre ina dteannta;

15 d'Fhiolólagas, do Iúilia, do Néireas agus dá dheirfiúr; d'Olumpás, agus do na naoimh go léir ina dteannta.

16 Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh.

Rabhadh

17 Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,

18 mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.

19 Rud eile, tá a fhios ag an saol a dhílseacht atá sibh, agus is mé atá ríméadach asaibh. Mar sin féin ba mhaith liom sibh a bheith eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc.

20 Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

Beannachtaí Breise

21 Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sóspatras.

22 Agus cuirimse, Teirt, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith.

23 Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.

24 (Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh go léir.)

Moladh go deo le Dia

25 Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta

26 ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d'fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.

27 Moladh le Dia, an t‑aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Amen.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16