4 ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.
5 Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile.
6 Orthusan chomh maith tá sibhse a bhfuil glaoite oraibh chun bheith ina sheilbh ag Íosa Críost.
7 Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
8 Ar dtús gabhaim buíochas le mo Dhia trí Íosa Críost mar gheall oraibh uile de bhrí go bhfuil iomrá ar bhur gcreideamh ar fud an domhain go léir.
9 Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m'anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m'urnaithe i gcónaí,
10 agus ag achainí air go n‑éireoidh liom ar dhóigh éigin teacht chugaibh ar cuairt faoi dheireadh thiar le deonú Dé.