17 Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n‑áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige,
18 ná bí á mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do d'iomparsa.
19 Déarfaidh tú liom ar ndóigh: “Is ea, ach scoitheadh craobhacha den chrann chun mise a nódú ann.”
20 Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla.
21 Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leatsa ach oiread.
22 Tabhair do d'aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa - ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith.
23 Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann.