22 Tabhair do d'aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa - ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith.
23 Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann.
24 Má gearradh tusa den ológ fhiáin ba dhúchas duit is gur nódaíodh in aghaidh nádúir san fhíorológ tú, nach móide go mór go nódófar na craobhacha dúchais ar ais ina n‑ológ dhílis féin?
25 Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní áil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid d'Iosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach
26 agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa:“Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón;ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób.
27 Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé leonuair a thógfaidh mé a bpeacaí chun siúil.”
28 Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia - rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí,