27 Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé leonuair a thógfaidh mé a bpeacaí chun siúil.”
28 Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia - rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí,
29 mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná an rogha a bhíonn déanta aige.
30 Bhí sibhse tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n‑easumhlaíochtsan.
31 Is é an dála céanna acu siúd é: tá siadsan éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfaí trócaire orthu chomh maith.
32 Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht d'fhonn trócaire a dhéanamh orthu uile.
33 Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!