3 “A Thiarna, mharaigh siad do chuid fáithe, leag siad d'altóirí ar lár, níor fágadh ach mé féin agus tá siad ar thóir m'anama.”
4 Agus cad é an freagra a thug Dia air? “Choimeád mé dom féin seacht míle fear nár fheac a nglúin do Bhál.”
5 Is é an dála céanna é san am i láthair: tá fuíoll ann agus iad tofa trí ghrásta.
6 Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh.
7 Cad a thagann de sin? Tá, an ní a raibh clann Iosrael ar a thóir, ní fhuair siad é; ach an mhuintir thofa, fuair siad agus cruadh an chuid eile,
8 mar atá scríofa: “Dhall Dia an aigne iontu: d'fhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.”
9 Agus deir Dáiví freisin: “Go raibh a bhféasta ina ghaiste dóibh agus ina líon, ina cheap tuisle agus ina shás pionóis dóibh.