31 Is é an dála céanna acu siúd é: tá siadsan éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfaí trócaire orthu chomh maith.
32 Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht d'fhonn trócaire a dhéanamh orthu uile.
33 Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
34 “Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?”
35 Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?”
36 Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.