33 Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
34 “Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?”
35 Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?”
36 Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.