6 Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh.
7 Cad a thagann de sin? Tá, an ní a raibh clann Iosrael ar a thóir, ní fhuair siad é; ach an mhuintir thofa, fuair siad agus cruadh an chuid eile,
8 mar atá scríofa: “Dhall Dia an aigne iontu: d'fhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.”
9 Agus deir Dáiví freisin: “Go raibh a bhféasta ina ghaiste dóibh agus ina líon, ina cheap tuisle agus ina shás pionóis dóibh.
10 Go ndalltar a súile chun nach mbeadh radharc acu, agus coinnigh a ndroim ar cromadh de shíor.”
11 Ceist eile agam: An é tuisle a dtreascartha a baineadh as na Giúdaigh? Ní hea ar chor ar bith; ach ba chúis slánaithe do na gintlithe a gcoir ar shlí go mbeadh cúis éada ag na Giúdaigh leo.
12 Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach.