10 Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile;
11 bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna.
12 Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh,
13 ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.
14 Beannaígí bhur ngéarleantóirí - is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta.
15 Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin.
16 Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin.