4 Faoi mar atá mórán ball san aon chorp amháin againn agus gan an cúram céanna ar aon bhall díobh,
5 is é an dála céanna againn féin é: dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i gCríost agus gach duine againn ina mbaill dá chéile.
6 Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh.
7 An té a fuair bua freastail, déanadh sé freastal: bíodh an múinteoir ag múineadh
8 agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t‑almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach.
9 Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith.
10 Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile;