2 Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé ag cur, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin.
3 Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh
4 mar is seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t‑olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh á iompar aige: is seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t‑olc.
5 Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.
6 Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé is ea na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo.
7 Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.
8 Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.