5 Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.
6 Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé is ea na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo.
7 Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.
8 Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.
9 Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”
10 Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comhlíonadh an dlí.
11 Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.