1 Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan bheith ar mhaithe linn féin
2 ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa d'fhonn é a neartú.
3 Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: “Is ormsa a thit aithisí na ndaoine a bhí do d'aithisiú.”
4 Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.
5 Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa
6 ar shlí go mbeidh sibh d'aontoil agus d'aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
7 Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé.