10 Agus deirtear in áit eile:“Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.”
11 Agus in áit eile fós:“Molaigí an Tiarna, a náisiúna uileagus móradh na pobail go léir é.”
12 Agus arís, deir Íseáia:“Eascróidh fréamh de chuid Ieise,an té a éireoidh chun na náisiún a rialú.As siúd a bheidh a muinín acu.”
13 Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
14 I dtaca libhse, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile.
15 Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh - agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd - chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim á dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia,
16 bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n‑íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.