16 bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n‑íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.
17 Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost.
18 Ní leomhfaidh mé a lua ach a bhfuil déanta ag Críost tríom chun na gintlithe a thabhairt faoina réir le briathar agus le gníomh,
19 le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.
20 Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile,
21 ach déanamh mar atá scríofa:“Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad éagus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.”
22 Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh.