21 ach déanamh mar atá scríofa:“Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad éagus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.”
22 Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh.
23 Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh,
24 nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.
25 I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go Iarúsailéim le cabhair do na naoimh.
26 Thograigh an Mhacadóin agus Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim.
27 Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acusan. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibhsean lena maoin shaolta.