30 Táim á iarraidh d'achainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon,
31 go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair do Iarúsailéim;
32 agus le toil Dé tiocfaidh mé chugaibh faoi lúcháir agus ligfidh mé mo scíth in bhur measc.
33 Dia na síochána libh go léir. Amen.