4 Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.
5 Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa
6 ar shlí go mbeidh sibh d'aontoil agus d'aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
7 Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé.
8 Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú
9 agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa:“Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún,agus canfaidh mé do d'ainm le duan.”
10 Agus deirtear in áit eile:“Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.”