14 Gintlithe nach bhfuil an dlí acu, gach uair dá gcomhlíonann siad forálacha an dlí ó nádúr is dlí dóibh féin iad ainneoin nach bhfuil an dlí acu.
15 Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar bhíonn siad á chiontú seo nó á chosaint siúd.
16 [Léireofar é sin] an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.
17 Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat;
18 agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n‑aithníonn tú na nithe is fiúntaí;
19 má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill tú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas,
20 gur tú oide na n‑ainbhiosán agus muinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí -