16 [Léireofar é sin] an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.
17 Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat;
18 agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n‑aithníonn tú na nithe is fiúntaí;
19 má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill tú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas,
20 gur tú oide na n‑ainbhiosán agus muinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí -
21 tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid?
22 Bíonn tú á rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill?