2 An breithiúnas, áfach, a thugann Dia ar dhaoine a dhéanann a leithéidí sin, tá a fhios againn go mbíonn sé de réir na fírinne.
3 Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n‑éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin á ndéanamh chomh maith leo?
4 Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
5 Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,
6 a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha.
7 An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
8 fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid.