7 An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
8 fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid.
9 Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t‑olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith.
10 Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith,
11 mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile.
12 Gach duine dá ndearna peaca gan bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air.
13 Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.