22 Sin é an fáth ar “áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige”.
23 Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: “Áiríodh mar fhíréantacht aige é”
24 ach inár dtaobhna chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna,
25 a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.