4 Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart.
5 An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t‑éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige.
6 Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n‑áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha:
7 Is aoibhinn dóibh siúd ar maitheadh a gcionta dóibh agus ar clúdaíodh a bpeacaí.
8 Is aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a pheaca ina leith.
9 An do mhuintir an timpeallghearrtha an t‑aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeallghearradh? Táimid a rá “gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám”.
10 Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeallghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin,