8 Is aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a pheaca ina leith.
9 An do mhuintir an timpeallghearrtha an t‑aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeallghearradh? Táimid a rá “gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám”.
10 Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeallghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin,
11 mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n‑áirítear an fhíréantacht dá bharr;
12 agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeallghearradh é.
13 Ní mar gheall ar aon dlí a gealladh d'Abrahám ná dá shliocht go mbeadh sé ina oidhre ar an domhan ach mar gheall ar fhíréantacht chreidimh.
14 Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht.