3 Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid,
4 agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht.
5 Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.
6 Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine.
7 Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin - is ea, b'fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine.
8 Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.
9 Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?