8 Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.
9 Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?
10 Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t‑athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha?
11 Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t‑athmhuintearas sin anois dúinn.
12 Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.
13 Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann.
14 Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.