5 Mar má táimid aontaithe leis trí mhacasamhail a bháis beimid aontaithe leis freisin trí mhacasamhail a aiséirí.
6 Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár seannádúr mar aon leis ar an gcrois d'fhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó.
7 Mar an té atá tar éis bháis, tá sé saor ón bpeaca.
8 Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith.
9 Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta,
10 mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo, ach is beatha do Dhia a bheatha feasta.
11 Ar an gcuma chéanná ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.