1 Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá
2 go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí.
3 Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne.
4 Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;
5 is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.
6 Ní amhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael,
7 ná ní clann Abrahám iad uile toisc gur dá shliocht iad. Ní hea sin, ach mar a deir an scrioptúr: “Is trí Íosác a ainmneofar sliocht duit.”