10 Agus ní hé sin amháin é ach i gcás Ribeacá freisin: ghabh sise clann ó aon fhear amháin, ónár sinsear Íosác,
11 ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu,
12 dúradh léi: “Beidh an sinsear ag seirbhís don sóisear,” ionas go mbeadh beartas roghnaithe Dé buan agus nach ag brath ar ghníomhartha daoine a bheadh sé ach ar an té a ghlaonn,
13 de réir mar atá scríofa: “Thugas grá do Iacób, agus fuath d'Éasau.”
14 Cad a déarfaimid mar sin? Go bhfuil éagóir ag baint le Dia, an ea?
15 Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: “Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.”
16 Ní rud é, mar sin, atá ag brath ar thoil an duine ná ar a chuid iarrachtaí ach ar thrócaire Dé.